Sea Ó a dhaid! Féach cé hé tar éis teacht chun cuairt a thabhairt orainn! 'Sé ár Ken! Sea, agus an mithid, dar liomsa! Nach bhfuil tú sásta mise a fheiceáil, a dhaid? Tá, cinnte go bhfuil sé sásta, a Ken. Ceart go leor, a bhean, ceart go leor. Tá teanga agamsa. Labróidh mé féin. Sea...is maith do chulaith ghalánta dom. An é sin an méid atá á chaitheamh thuas in Yorkshire faoi láthair? Is gnáthchulaith amháin é, a athair...sin an t-aon rud eile atá agam seachas na rabhlaeir. An maith leat é thíos sa mhianach, a Ken? Ó níl sé ró-dona, a mham... Táimid ag úsáid roinnt druilirí cairbíde tungstain le haghaidh réamhoibríochtaí sciúrtha gualéadain. Ó tá cuma mhaith air sin, a stór... Druilirí cairbíde tungstain! Cad sa diabhal is druilirí cairbíde tungstain? Is rud a úsáidtear le linn mianadóireachta guail, a athair. 'Is rud a úsáidtear le linn mianadóireachta guail, a athair'. Nach bhfuil tú ag caint go galánta tar éis duit Londain a fhágáil? Á, ná tosaigh leis an méid sin arís. Bhí lá chrua aige inniu a stór...tá a dhráma nua ag oscailt san Amharclann Náisiúnta amárach. Ó sin maith. Maith! Maith? Cad tá ar eolas agat faoi?